← D'fhreagair siad: "Cén fáth a gcuirfeadh hata eagla orm?" 🔊✎
← Chuir sé beaguchtach orm an chaoi ar theip ar mo phictiúr uimhir a haon agus mo phictiúr uimhir a dó. 🔊✎
← Mar sin, bhí orm ceird eile a tharraingt orm féin agus d'fhghlaim mé le bheith i mo phíolóta eitleáin. 🔊✎
← Samhlaigí daoibh féin mar sin an t-ionadh a bhí orm, ag breacadh an lae, nuair a mhúscail glór beag aisteach mé. 🔊✎
← Agus chonaic mé firín beag saoithiúil amach agus amach agus é ag amharc orm go stuama. 🔊✎
← Chuir na daoine móra beaguchtach orm maidir le bheith i mo phéintéir, nuair a bhí mé sé bliana d'aois, agus níor fhoghlaim mé le haon rud a líniú, seachas boanna dúnta agus boanna oscailte. 🔊✎
← Ach ansin chuimhnigh mé gurb iad na rudaí is mó a bhí foghlamtha agam tíreolas, stair, uimhríocht agus gramadach agus dúirt mé leis an bhfirín beag (agus beagán drochspionn orm) nach raibh mé in ann líníocht a dhéanamh. 🔊✎
← Agus bhí mo sháith iontais orm nuair a thug an firín seo de fhreagra orm: oo Ní hea! 🔊
← Ní eilifint taobh istigh de bhoa atá de dhíth orm. 🔊✎
← D'amharc sé go cúramach orm, agus ansin: 🔊✎
← Ag an phointe sin, agus mé i ndeireadh na foighde, mar bhí deifir orm chun m'inneall a bhaint dá chéile, bhreac mé síos an pictiúr seo: 🔊✎
← Ach ba mhór an t-iontas a bhí orm nuair a tháinig loinnir sna súile ag an mheasúnóir beag seo agam: 🔊✎